Cinnteoidh GRADAIM go bhfaighidh tú an chomhairle agus an treoir atá uait maidir le cur chun cinn na teanga i do ghnólacht chun go mbeidh an próiseas chomh héasca agus is féidir. Cinnteoimid freisin go bhfaighidh tú aitheantas náisiúnta as do chuid iarrachtaí trínár scéim dámhachtainí.
Feidhmíonn ár gcóras dámhachtainí freisin chun an pobal a chur ar an eolas cá háit a bhfaighidh siad gnólachtaí a chuireann fáilte roimh an nGaeilge agus cén leibhéal nó cineál seirbhíse teanga a d’fhéadfaí a chur ar fáil. Tá sé saor ió chostas bheith rannpháirtíocht i GRADAIM, ach ní féidir luacht a chur ar na buntáistí a thiocfadh as.
Ní thógfaidh sé i bhfad ort clárú le haghaidh GRADAIM, tá sé saor in aisce, níl le déanamh ach cliceáil ar an nasc thuas. Ansin, aitheann na deiseanna atá ann duit chun úsáid na Gaeilge sa ghnólacht agat a fheabhsú. Bronnaimid ár mbonn i dtrí chatagóir ar leith, b’fhéidir gur mhaith leat catagóir amháin a roghnú agus díriú air sin, nó b’fhéidir go mbeifeá muiníneach go bhféadfadh do ghnólacht boinn a bhaint amach sna trí chatagóir.
Agus catagóirí roghnaithe agat, féadfaidh tú tosú ar an bpleanáil. Breathnaigh ar na scórchártaí do gach ceann de na catagóirí agus sainaithin agus liostaigh na gníomhartha a cheapann tú a d’fhéadfá a chur i bhfeidhm go rathúil laistigh de do ghnó. Bain úsáid as an liosta seo mar thúsphointe chun do phlean gníomhaíochta a chur le chéile.



